An Clár Scoile Bainne agus Déiríochta

Le beagnach cúig bliana fichead tá bainne curtha ar fáil ag an gClár Scoile Bainne agus Déiríochta, arna mhaoiniú ag an AE do pháistí i scoileanna na hÉireann ar luach ar airgead an-mhaith.        

Faigheann gach páiste atá cláraithe don chlár buidéal nó cartán bainne ar leith gach lá agus seachadann na déiríthe áitiúla an bainne díreach chuig na scoileanna. 

Tá feabhas agus uasdátú déanta anois ag an gComhairle Náisiúnta Déiríochta ar an gClár le páistí a spreagadh le breis bhainne a ól agus chun cabhrú le scoileanna agus le tuismitheoirí a bheith cinnte go mbainfidh páistí leas as an mbreis cothaitheach seo ina gcuid boscaí lóin.