Na Buntáistí a bhaineann le Déirí
Na buntáistí a bhaineann le déirí.
Mar chuid d’aiste bia shláintiúil agus chothrom, molann an Roinn Sláinte agus Leanaí go n-íosfadh páistí trí phíosa déiríochta in aghaidh an lae. Ardaíonn an ionghabháil cailciaim chothaithe atá molta do dhéagóirí (11-17 bliain) agus, tá sé inmholta mar sin go n-íosfadh déagóirí thart ar 5 tháirge déiríochta in aghaidh an lae.
Is ionann ‘píosa’ amháin agus 189ml bainne (thart ar cartán amháin de Bhainne Scoile), cartán íogairt nó 1 unsa cáis chrua.
Soláthraíonn cion Bainne Scoile raon cothaitheach lena n-áirítear próitéin, cailciam, fosfar agus na vitimíní B2 agus B12. Tá na cothaithigh sin ag teastáil le haghaidh sláinte fhoriomlán agus folláine foriomlán.
Léiríonn torthaí ó shuirbhéanna náisúnta nach bhfuil go leor vitimíní agus mianraí áirithe á n-iontógáil ag páistí agus ag déagóirí na hÉireann. Mar shampla, níl go leor cailciaim ag 37% agus 28% de chailíní agus de bhuachaillí (9-12 bliain) faoi seach, ná ag 42% agus 23% de dhéagóirí mná agus de dhéagóirí fir (13-17 bliain) faoi seach.
Is sárfhoinsí cothaithe cailciaim iad bainne agus táirgí déiríochta. Má itear an méid déirí a mholtar gach lá faigheann duine na riachtanais chothaithe a bhíonn de dhíth do roinnt cothaitheach tábhachtach – cailciam ach go háirithe.
Tá aiste bia shláintiúil agus chothrom agus nósanna saoil ghníomhacha fíorthábhachtach ag gach céim den saol lena n-áirítear an óige agus blianta an déagóra.
