Na Buntáistí a bhaineann le Déirí

Tábhacht na Déiríochta

Mar chuid d’aiste chothromaithe ó thaobh bia fholláin, molann an Roinn Sláinte Leanaí trí chion de bhia déirí in aghaidh an lae do leanaí. Ardaíonn an chion atá molta atá  ó thaobh cailciaim ó 11 bliana go  17 mbliana d’aois. Moltar, mar sin, go gcaithfeadh déagóirí suas le cúig chion déirí in aghaidh an lae. 

Is ionann ‘píosa’ amháin agus 189ml bainne (thart ar cartán amháin de Bhainne Scoile), cartán íogairt nó 1 unsa cáis chrua.

Soláthraíonn cion amháin Bainne Scoile raon cothaitheach lena n-áirítear próitéin, cailciam, fosfar, potaisiam agus vitimíní B2 and B12. Mar chuid d’aiste chothromaithe bia tá próitéin, cailciam agus fosfar riachtanach d’fhás agus d’fhorbairt nádúrtha cnámh i leanaí.

Léiríonn torthaí ó shuirbhéanna náisúnta nach bhfuil go leor vitimíní agus mianraí áirithe á n-iontógáil ag páistí agus ag déagóirí na hÉireann.  Mar shampla, níl go leor cailciaim ag 37% agus 28% de chailíní agus de bhuachaillí (5-12 bliain) faoi seach, ná ag 42% agus 23% de dhéagóirí mná agus de dhéagóirí fir (13-17 bliain) faoi seach.

Tá bainne agus bianna déirí i measc na bhfoinsí cothaithe cailciaim is fearr. Cuidíonn ithe an méid déirí atá molta duit gach lá le do riachtanais chothaithe ó thaobh raon cothaitheach - go háirithe cailciam a chomhlíonadh.

 

Tá aiste chothromaithe bia fholláin agus saol gníomhach riachtanach ag gach staid den saol  lena n-áirítear an óige agus blianta déaga. 

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar na buntáistí a bhaineann le déirí