Ag Tosú | Na Buntáistí a bhaineann le Déirí | Cuisniú |
Tuismitheoirí á Spreagadh | Ag Cruthú Spraoi le Bainne do Pháistí | Roinnt Smaointí Suimiúla le Tús a Chur leis an Obair
ROINNT SMAOINTÍ SUIMIÚLA LE TÚS A CHUR LEIS AN OBAIR:
Cuir comórtas dearaidh phóstaer ar siúl
- Iarr ar dhaltaí póstaeir a dhearadh a léireoidh a dtuiscint ar bhainne
Bainne an domhain
- Tabhair spreagadh do pháistí taighde a dhéanamh an an gcaoi a n-úsáidtear bainne in áiteanna eile ar fud an domhain agus taispeáin an t-eolas mar mhúrmhaisiú le go bhfeicfidh gach duine eile é
Dúshlán Fíricí Udderly Brilliant
- Abair le daltaí an oiread ‘Fíricí Udderly Brilliant’ agus is féidir leo a fháil faoi bhainne
- D’fhéadfadh gach rang na fíricí atá acu a mhaisiú agus a thaispeáint ar mhúrmhaisiú
- D’fhéadfaí an múrmhaisiú is fearr a chrochadh ar an mballa le go bhfeicfidh gach duine eile é
Ná caith amach seanchartáin agus seanbhuidéil bhainne. Seo a leanas roinnt smaointe maithe leis na cartáin agus na buidéil Fresh Milk Club a athchúrsáil agus a athúsáid:
Boscaí Plandaí
- Gearr barr an chartáin agus nigh an cartán le galúnach agus uisce glan (oibríonn buidéil phlaisteacha chomh maith leis seo)
- Cuir ceithre pholl beaga ina íoctar le haghaidh draenála
- Líon dhá thrian den chartán le múirín potaithe
- Cuir síolta (ar nós pónairí, trátaí nó biolar) ann agus cuir ar leac na fuinneoige é
Déantóirí gréine
- Iompaigh suas ceann de na píosaí ar an taobh agus gearr é
- Nigh an cartán le galúnach agus uisce glan
- A luaithe a bheidh an cartán tirim, líon le pónairí tirime é le fuaim iontach a chruthú
- Cuir téip ar an taobh oscailte lena dhúnadh i gceart
- Féadfaidh daltaí, ansin, a ndéantóirí gréine a mhaisiú le péint, le páipéar ildaite, le coirníní, le cnaipí nó le rud ar bith atá in aice láimhe
- Craith na déantóirí gréine leis an ruaig a chur ar an mbáisteach
Gardaí planda maisiúla do ghairdín na scoile
- Gearr íochtar agus barr an chartáin agus nigh le galúnach agus uisce glan
- Féadfaidh na daltaí iad a mhaisiú le coirníní agus le cnaipí agus le sreangán
Cuir thart ar phlandaí óga sa ghairdín iad le bac a chur ar sheilidí agus ar fheithidí eile a chuireann isteach ar phlanda
