boyCeann den 3 sa ló, gach lá

Tá a fhios agat, mar thuismitheoir, go bhfuil aiste bia shláintiúil agus chothrom riachtanach d’fhorbairt fhisiciúil agus intinne do chuid leanaí. Bíonn raon cothaitheach ag teastáil ó pháistí a bhíonn ag fás – lena n-áirítear vitimíní agus mianraí chomh maith le próitéin, carbaihiodráití agus aigéid sailleacha riachtanacha.

Aithnítear le fada go bhfuil bainne agus táirgí bainne fíor-thábhachtach in aiste bia mar sin – molann an Roinn Sláinte agus Leanaí ar ndóigh go mbeadh trí phíosa bia déiríochta ag páistí in aghaidh an lae. Ardaíonn riachtanais chailciaim le linn blianta an déagóra (11-17 bliain), agus is cóir, mar sin, go ndéanfadh déagóirí iarracht cúig phíosa déiríochta a ithe in aghaidh an lae

.Tá a fhios ag gach duine, áfach, gur rud amháin moladh a dhéanam, rud eile páistí a chur ag ithe an ní a bhíonn molta!  Is bealach éasca agus réasúnta é do pháiste a chlárú chun bainne a fháil ar scoil lena chinntiú go bhfaighidh siad ar a laghad ceann amháin de na trí phíosa déiríochta a mholtar gach lá.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar na buntáistí a bhaineann le déirí