Daltaí
AG CRUTHÚ SPRAOI LE BAINNE DO PHÁISTÍ
Tá an Chomhairle Náisiúnta Déiríochta ag obair le tuismitheoirí, le daltaí agus le saineolaithe oideachais le Clár Scoile Déiríochta agus Bainne nua agus feabhsaithe a sheoladh. Ceann amháin de phríomhaidhmeanna an Chláir,an Fresh Milk Club, bainne a chur chun cinn ar bhealach a spreagfadh páistí chun breis bhainne a ól.
Tá a fhios againn go bhfuil go leor teachtaireachtaí sláinte á ndíriú ar pháistí, mar sin is é an aidhm atá againn bainne agus na luachanna cothaithe a bhaineann leis a chur chun cinn ar bhealach tarraingteach agus mealltach. Sin é an chúis gur chruthaíomar pacáiste nua ar fad, a léireoidh cáilíochtaí úra agus maithe bainne. Bí ag faire amach do ‘Fhíricí Udderly Brillliant’ a chuirfidh buntáistí bainne in iúl ar bhealach faoi leith agus ar bhealach tarraingteach.
Tá go leor bealaí eile le bainne a chur chun cinn i measc na ndaltaí. Is é an t-aon rud le cuimhneamh air ná go mbeadh spraoi ag baint leis!

