Cuisniú –Refrigeration
Sa Chomhairle Náisiúnta Déiríochta táimid tiomanta a chinntiú go mbíonn an bainne is úire ag na daltaí. Tá líon teoranta cuisneoirí agus málaí fuaraitheora saor in aisce againn le tabhairt do scoileanna a bhfuil áiseanna stórála le haghaidh Bainne Scoile de dhíth orthu, i gcomhar leis an déirí áitiúil. Úsáidtear málaí fuaraitheora chun cabhrú le scoileanna a fhaigheann seachadtaí go luath ar maidin sula n-osclaíonn an scoil.
Lena fháil amach an bhfuil do scoilse i dteideal cuisneora nó mála fuaraitheora Bainne Scoile a fháil, déan teagmháil leis an NDC. Tabhair faoi deara go bhfuil teorainn le líon na gcuisneoirí agus na málaí fuaraitheora agus go dtabharfar iad do cibé is túisce a iarrfaidh iad.
R-phost: freshmilkclub@ndc.ie
Guthán: 01 290 2451
An Cuisneoir Bainne Scoile a Choinneáil Glan
- Glan an cuisneoir Bainne Scoile go rialta, ag tabhairt aird faoi leith ar mhurlán, ar na seilfeanna agus ar na hurranna stórála.
- Nigh gach dromchla go cúramach le huisce te, galúnach, agus sruthlaigh go maith ansin.
- Triomaigh na dromchlaí go cúramach le tuáille tirim nó le tuáille cistine.
- Glan aon doirteadh Bainne Scoile ar an bpointe.
- Ná húsáid táirgí glantacháin a d’fhágfadh blas ar bhia nó a dhéanfadh damáiste don chuisneoir.
Roinnt leideanna cabhracha maidir le cuisniú agus rothlú Bhainne Scoile
- Coinnigh teocht an chuisneora Bainne Scoile ag 5ºC nó níos ísle.
- Sula gcuirfear an seachadadh bainne is déanaí sa Chuisneoir Bainne Scoile, is cóir an dáta ‘úsáid faoi’ a sheiceáil le bheith cinnte go ndéanfar rothlú ar na cartáin nó buidéil bhainne, agus cartáin nó buidéil ‘níos sine’ a chur chun tosaigh sa chuisneoir.
- Déan an cuisneoir a sheiceáil gach lá le haghaidh cartán nó buidéal atá imithe thar an dáta ‘úsáid faoi’ a aimsiú agus caith amach iad.
- Ná cuir an iomarca sa chuisneoir do Bhainne Scoile, cuireann sé sin bac ar shaorghluaiseacht an aeir fhuair agus b’fhéidir nach gcoinneoidh an cuisneoir an bia fuar go leor.
- Coinnigh doras an chuisneora Bainne Scoile dúnta go maith,ardóidh an teocht má bhíonn an doras ar oscailte.
- Ba chóir na cartáin nó na buidéil ina mbíonn an Bainne Scoile a bhaint as an gcuisneoir deich nóiméad sula roinnfear ar fud na scoile iad ach ní níos faide ná sin. Coinnigh bainne ar chúl na gréine agus in áit fhionnuar don deich nóiméad sin.

