classAg Tosú

Le do scoil a chlárú don Chlár Scoile Bainne agus Déiríochta téigh i dteagmháil leis an déirí áitiúil, a chuirfidh eolas faoi sheachadadh agus praghsáil ar fáil duit. Is féidir sonraí teagmhála don déirí áitiúil a fháil ón gComhairle Náisiúnta Déiríochta.

Iarrfaidh an déirí ort Cuid A d’Fhoirm Iarratais Dearbháin a chomhlíonadh. Déanfaidh an déirí Cuid B a chomhlíonadh agus cuirfidh chuig an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia í agus eiseoidh siad Uimhir Dearbháin chuig do scoil agus ceanglóidh an uimhir sin do scoil leis an déirí áitiúil.

Úsáideann an déirí an Uimhir Dearbháin le cúnamh a éileamh ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia as an mbainne ar sheachadann siad chuig do scoil.

Is  ceathrú lítir bhainne (250ml) in aghaidh an dalta in aghaidh an lae an t-uasmhéid atá ceadaithe don fhóirdheontas. Úsáidfear Bainne Scoile lena sholáthar do dhaltaí  a fhreastalaíonn ar do scoil mar dheoch agus sin amháin agus níl cead é a úsáid le béilí a riartar ar dhaltaí a ullmhú. 

Ag Ordú

A luaithe a eiseofar Uimhir Dearbháin chuig do scoil, soláthróidh an déirí áitiúil an t-eolas ábhartha conas a dhéanfaidh tuismitheoirí a bpáistí a chlárú ionas le go bhfaighidh siad Bainne Scoile. Cuirfidh na tuismitheoirí a bheidh i gceist foirmeacha comhlíonta agus an t-airgead ceart chuig do scoil. Féadfaidh le do scoil líon na n-aonad Bainne Scoile a bheidh ag teastáil gach lá a dheimhniú leis an déirí.

Cá mhéad a bheidh air ?

Tá an déirí áitiúil tiomanta Bainne Scoile a sholáthar ag an luach-ar-airgead is fearr. Le cuidiú libh ríomhfaidh an déirí áitiúil an méid a bheidh iníoctha trí líon na laethanta sa téarma a mhéadú faoi phraghas an chartáin aonair agus inseoidh siad an costas foriomlán.